Scoil Bhaile Nua

Nuacht - News 2019 - 2020

Cóineartú 

Tá sé ar intinn againn an Cóineartú a cheiliúradh ag 11 r.n. ar an Aoine, 21ú Lúnasa, i Séipéal Muire gan Smál, Maigh Cuilinn. Beidh Déan Michael mar cheiliúraí don ócáid.
We hope to celebrate the Sacrament of Confirmation at 11am, on 21st August in the Church of the Immaculate Conception,  Moycullen. Dean Michael will be the celebrant for the occasion. 19.06.20
Dove  

Webex

Beidh páistí na scoile ag bualadh lena múinteoirí ar líne an tseachtain seo le Webex. Leanfaidh Múinteoir Méadhbh lena ranganna feadóige ar líne freisin le Ranganna 1-6.
The pupils of Scoil Bhaile Nua will be meeting their teachers online this week through Webex. Múinteoir Méadhbh will also be continuing with Tin whistle lessons online for First to Sixth classes.
02.06.20


Seesaw

​An tseachtain seo, táimid chun tús a chur le Seesaw sa bhaile. Beidh na múinteoirí in ann cabhrú leis na páistí agus iad sa bhaile le haiseolas, míreanna fuaime, físeáin agus nascanna eile.
​This week, we are beginning the roll out of Seesaw at home. The teachers will be able to support the children at home, providing feedback, sound clips, videos and other links. 25.05.20
 

Cóineartú - Confirmation

Tá Múinteoir Peigí agus an foireann ar fad ag smaoineamh ar Rang a 6 an tseachtain seo. Bhí an Cóineartú le bheith ar siúl Dé Céadaoin, 20ú Bealtaine, ach faraor, ní féidir linn dul ar aghaidh leis anois. Tá’s againn go bhfuil díomá mór oraibh ar fad faoi seo ach le cúnamh Dé eagróimid lá eile arís nuair is féidir.
 
Múinteoir Peigí and all the staff are thinking of Rang a 6 this week. They hoped to be celebrating their Confirmation on Wednesday, 20th May but unfortunately we cannot go ahead with it now. We know you are very disappointed about this but please God, we will arrange another day when we can. 18.05.20
 

Coiste Glas – Green School Committee

Comhghairdeas le Múinteoir Peigí agus an Coiste Glas as an obair ar fad a rinne siad i dtreo an Bratach Glas don téama Taisteal. Fuair muid é. Maith sibh!

Congratulations to Múinteoir Peigí and the Green School Committee for all their work towards achieving our Green Flag for the theme of Transport. We got it. Well done!

An Chéad Chomaoineach

D’iarr an tAthair Michael orm a rá le páistí an Chéad Chomaoineach go bhfuil sé ag smaoineamh oraibh an tseachtain seo ina chuid paidreacha. Tá’s agam go raibh sibh ar fad ag súil leis an lá speisialta seo ach tá súil againn lá nua a shocrú san Fhómhair.
Fr. Michael asked me to let the First Communion children know that he is thinking of you in his prayers this week. I know you were all looking forward to this special day but we hope to reschedule it in the Autumn. 

Seachtain 3 – Week 3

Beidh Múinteoir Éilís Ní Chonghaile ó Scoil Bhaile Nua ag léamh an scéil ‘Thugas an Ghealach ag siúl’ an tseachtain seo ar Cúla 4 ar Scoil.
Múinteoir Éilís Ní Chonghaile from Scoil Bhaile Nua will be reading the story ‘Thugas an Ghealach ag siúl’ on Cúla 4 ar Scoil this week.

Cúla 4 ar Scoil

​Beidh clár speisialta,Cúla4 ar Scoil á chraoladh gach lá ó Luan go Aoine ar TG4. Is clár oideachasúil é seo dírithe ar pháistí bunscoile ó na Naíonáin go Rang a 6. Tá Múinteoir Ethel de Búrca ó Scoil Bhaile Nua mar chuid den bhfoireann. Beidh se ar siúl ag a 10 a chlog gach maidin ar an teilifís. Is féidir é a fheiceáil freisin ar an Player nó ar an caineal YouTube: www.youtube.com/channel
A special program called Cula4 ar Scoil will be broadcast every morning, Monday to Friday on TG4. This is an educational program aimed at primary school children from Junior Infants to Sixth class. Our own Múinteoir Ethel de Búrca from Scoil Bhaile Nua is part of the production team. You can see it on the television each morning at 10 o'clock. It can also be viewed on the Player or on the YouTube channel: www.youtube.com/channel

Cúntóir Riachtanais Speisialta nua - Newly appointed Special Needs Assistant

Fáilte roimh Bhernadette Uí Thuathail a bheidh ag obair leis an bhfoireann mar chúntoir riachtanais speisialta nuair a osclóidh an scoil aris.
Welcome Bernadette Uí Thuathail who will be working with our staff as a Special Needs Assistant when the school reopens. 

Seachtain na Gaeilge - Irish Language Week

Bhí tús curtha againn le himeachtaí Seachtain na Gaeilge nuair a chualamar an scéal maidir leis an dúnadh scoile. D'éirigh linn seisiún ceoil a bheith againn leis an scoil ar fad ag glacadh páirt idir amhránaíocht agus seinm uirlise. Bhí Tráth na gCeist againn freisin le Ranganna 3-6.
We had begun our Irish Language Week activities when we heard the news of our school closure. All classes from Junior Infants to Sixth took part in our music session both singing and playing musical instruments and Third to Sixth classes took part in a table quiz.

Seachtain an Chairdis - Friendship Week

Le linn Seachtain an Chairdis labhraimid faoin tábhacht a bhaineann le cairdeas agus céard a chaithimid a dhéanamh lena chinntiú go bhfuilimid cineálta agus measmhar lena chéile. Imríonn páistí na ranganna níos sine le páistí ó ranganna níos óige chun cluichí clóis a mhúineadh dóibh.
​During friendship week we talk about the importance of friends and what we need to do to ensure we are kind and respectful towards each other. Older classes are paired with younger classes to teach them schoolyard games.