Scoil Bhaile Nua

Ár Scoil/Our School

Is scoil Ghaeltachta Caitliceach í Scoil Bhaile Nua faoi phátrúntacht Easpag na Gaillimhe. Bunaíodh an scoil i 1900. Is í príomhaidhm na scoile seo, mar scoil ghaeltachta, oideachas de ardchaighdeán a chur ar fáil tré mheán na gaeilge dár scoláirí i suíomh a chuireann cultúr Gaelach chun cinn. Oibrímid chun atmaisféar fáilteach, sona, sábháilte agus spreagúil a chothú inár measc.

Sí an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teagaisc na scoile. Táimid bródúil go bhfuilimid in ann deis a thabhairt do thuismitheoirí oideachas cuimsitheach, iomlán agus uileghabhálach a roghnú dá bpáistí, trí mheán na Gaeilge.

Baineann páistí Scoil Bhaile Nua an-taitneamh as gníomhaíochtaí cultúrtha ar nós ceol traidisiúnta, amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós, cluichí Gaelacha agus drámaíocht.  

Scoil Bhaile Nua is a Catholic Gaeltacht School under the patronage of the Bishop of Galway. The school was established in 1900. The aim of this school, as a Gaeltacht school, is to provide high-quality education through the medium of Irish to our pupils in an environment that promotes our Irish culture. We strive to create an atmosphere that is welcoming, safe, happy and motivating.

Gaeilge is the language of communication and learning. We are proud that we can provide parents with the opportunity to choose a well-rounded and holistic primary education for their children, delivered entirely through the medium of Irish.

The pupils of Scoil Bhaile Nua enjoy engaging in cultural activities such as traditional music, singing, sean-nós dancing, Gaelic games, and drama. 

Bord Bainistíochta - Board of Management

Tá Bord Bainistíochta na scoile freagrach as rialachas na scoile. Oibríonn an Bord Bainistíochta go díograiseach chun timpeallacht scoile a chur ar fáil, a shaibhríonn taithí foghlama ár bpáistí.

Bíonn siad i gcónaí ag iarraidh feabhas agus forbairt a dhéanamh ar ár scoil – bíodh sé sin i mbun áiseanna na scoile a fhorbairt, foireann chúramach, spreagúil a cheapadh, nó seirbhísí agus acmhainní breise a chur ar fáil.

Our Board of Management is responsible for the governance of the school. Our Board of Management is highly committed to providing a school environment that enriches our children’s learning experiences.

They are constantly striving to improve and enhance our school, whether this is in developing school facilities, appointing caring and inspiring staff or providing additional services and resources.

Is iad baill an Bhoird ná:/ Our Board members are: 

Cathaoirleach/Chairperson

Patricia Coleman 

Príomhoide agus Rúnaí/Principal and Secretary

Clíodhna Ní Dhabhoráin

Ionadaí an Phátrúin/Patron’s nominee

Fr. Martin Whelan 

Ionadaí na Múinteoirí/Teacher nominee

Ethel de Búrca

Ionadaí na dTuismitheoirí/Parents' Nominee

Louise Howard

Ionadaí ón bPobal agus Cisteoir/Member of the Community and Treasurer

Tomás Ó Cáinte

Ionadaí ón bPobal/Member of the Community

Dr. Mary Davis 

 

Foireann - Staff

Tá foireann lách, dhíograiseach againn sa scoil. Spreagann siad agus tacaíonn siad lenár bpáistí gach lá chun a ndícheall a dhéanamh agus a gcumas a bhaint amach. Tá trí Mhúinteoir Ranga againn, Múinteoir Oideachais Speisialta, Múinteoir Tacaíochta Teanga, Cúntóir Teanga agus Cúntóir Riachtanais Speisialta.

Our school has caring and dedicated staff. They nurture and encourage our children every day to achieve their best. We have three Mainstream Class Teachers, a Special Education Teacher, Language Support Teacher, Language Assistant and Special Needs Assistant. 

Ranganna Naíonán/Infant Classes

Ethel de Búrca  

(Príomhoide Tánaisteach Gníomhach/Acting Deputy Principal)

 

Rang 1, Rang 2 agus Rang 3/ 1st Class, 2nd Class and 3rd Class

Nóra Ní Dhonncha

 

Rang 4, Rang 5 agus Rang 6/ 4th Class, 5th Class and 6th Class 

Tomás Breathnach/Aoife de Faoite  

(Príomhoide Thánaisteach/Deputy Principal)

 

Múinteoir Oideachas Speisialta /Special Education Teacher 

Clíodhna Ní Dhabhoráin

(Príomhoide/Principal)

 

Múinteoir Tacaíochta Gaeilge/Language Support Teacher

Caoimhe Ní Chonghaile

 

Cúntóir Riachtanais Speisialta/ Special Needs Assistant

Bernie Ní Thuathail

 

​Rúnaí na Scoile/ School Secretary

Emer Uí Chonghaile

 

Feighlí Scoile/School Caretaker 

Bríd Uí Chonghaile

 

Traenálaí CLG/ GAA Trainer

Naoise Ó Gibne

 

Traenálaithe Liathróid Láimhe/ Handball Trainers

Maidhc Ó Duinn agus Morgan Ó Dorcha

 

Coiste na dTuistí - Parents Association

Glacann Coiste na dTuistí an-pháirt i ngníomhachtaí a eagrú a thacaíonn le foghlaim ár bpáistí, chomh maith le hócáidí sóisialta a eagrú chun pobal na scoile a thabhairt le chéile le haghaidh comhrá agus spraoi.

Our Parents Association plays an active part in organising activities to support our children’s learning and also social occasions where our school community can get together for a chat and some fun.

Cathaoirleach/Chairperson 

Elaine Coyne 

Rúnaí /Secretary

Olivia Bn. Mhic Óda

 Cisteoir/Treasurer

Ailish Gorman

 Baill eile/Other members

Martina Uí Mhaoiliadha agus Colie Óg Gavin